Bhí sciorta gearr agus T-léine spóirt ar Shinéad. Ní bhíonn sise buartha cad a cheapann daoine eile fúithi. Bhain Gráinne di a gúna sa seomra codlata. Bhí bríste dearg a bhí uirthi faoin sciorta agus barr giortach dearg. Bhí dath na gréine uirthi ach fós mhol sí go gcuirfimis donnú craicinn orainn.
‘Fuair mise dath foirfe nuair a bhí mé ar saoire,’ arsa Zara. ‘Ach cuirim ungadh déanta d’im cnó ar mo chraiceann chun é a choimeád go deas bog.’
‘Tá iontas orm go bhfuair tú dath na gréine ar saoire,’ arsa Gráinne léi. ‘Nach raibh an aimsir go huafásach fliuch sa Veinéis?
D’fhéach Zara uirthi féin sa scáthán. Gúna lonrach dubh a bhí uirthi. Chas sí ó thaobh go taobh chun a craiceann a scrúdú. ‘D’imíomar as an Veinéis ar an tríú lá. Nár inis mé daoibh ar scoil gur thógamar long cúrsála go dtí an Ghréig? D’íoc mo dhaidí a lán airgid chun cábán a fháil ar an long, mar go raibh gach duine ag éalú ó na tuilte.’ Chaoch sí súil léi féin sa scáthán. ‘Bhí sé go hálainn luí ar an deic faoin ngrian. Níos fearr ná siúl taobh leis na seanchanálacha sa Veinéis.’
Ní dúirt mé le Zara gur fuath le mo mham longa cúrsála. Tá siad i bhfad rómhór, a deir sí, agus scriosfaidh siad an Veinéis. Ardaíonn siad leibhéal an uisce timpeall ar na seantithe. Déanann siad an-dochar do na tithe. Agus déanann na longa an-truailliú ar an aeráid, ar sí.
Chuir mé donnú bréige ar mo chosa roimh an gcóisir. Cheannaigh mé é gan focal a rá le mo mham. Ach d’fhógair Gráinne agus Zara go raibh mo chosa róbhán. Chuir Gráinne ungadh ar mo chraiceann. Bhí an dath an-láidir ach d’fhan mé i mo thost.
Bhí mé féin agus Sinéad ag tosú ar ár súile nuair a tháinig Milly isteach. Éadaí bána ar fad a bhí uirthi. Luiteoga ar a cosa agus barr de shíoda bán uirthi. Dath na gréine ar a bolg agus fáinne órga ar a himleacán.
‘Ó, is tusa Róise!’ ar sí, nuair a chuir Zara in aithne muid. ‘Tusa an cailín a chuaigh ar saoire trasna na tíre ar bhus? Chuala mé a lán faoi sin ó Zara!’
‘Chuamar ó oileán go hoileán,’ arsa mise go tapa, agus luisne ag leathadh ar m’aghaidh. ‘Bhí an aimsir go hálainn.’

