‘Ó, tá sin greannmhar,’ ar sí. ‘Aimsir álainn in Éirinn!’
‘Tá mam Róise an-bhuartha faoin athrú aeráide,’ arsa Zara de gháire. ‘Ba bhreá léi stop a chur le gach eitleán. Ní bheadh cead agatsa dul go Florida, Milly, go dtí an t-árasán saoire álainn atá agaibh!’
‘Deir mo thuismitheoirí gur ráiméis atá sa chaint faoi athrú aeráide,’ arsa Milly go docht. Thug sí sonc uillinne do Zara. ‘Ní chreidfeadh sibh an carr a fuaireamar ar cíos ón aerfort, bhí sé beagnach chomh mór le bus! Ó smaoinígí air sin, bhíomar ag taisteal trasna Florida ar bhus!’
Rinne sí gáire beag faoina cuid cainte féin. Bhí teas i mo phlucaí ón luisne a bhí orm. Mór an trua gur tháinig Milly go dtí an chóisir. Ní raibh mé ábalta freagra a thabhairt uirthi. Pé rud a déarfainn, bhí mé cinnte go mbeadh sí ag magadh fúm. Ach ansin labhair Gráinne amach. Ní raibh eagla ar bith uirthi olc a chur ar Zara ná ar Milly.
‘Má cheapann do thuismitheoirí gur ráiméis atá sa chaint faoin athrú aeráide,’ ar sí le Milly, ‘tá siad dall agus bodhar. Tá sé an-soiléir go bhfuil tinte uafásacha agus tubaistí eile ag méadú ar fud an domhain. Ba bhreá liomsa gan smaoineamh ar na scéalta sin ach ní féidir...’
Bhris Zara isteach uirthi de ghuth éadrom. ‘Anois, a chailíní, ná bígí ag troid!’ ar sí. ‘Bígí ag féachaint ar na héadaí i mo chófra. Tógfaimid amach roinnt gúnaí ar dtús!’
Chuaigh mé féin agus Sinéad go dtí an bord smididh. D’fhan Gráinne leis an mbeirt eile, a bhí ag carnadh gúnaí ar an leaba. Thosaigh siad ag gáire is ag cabaireacht le chéile. Tá an t-ádh ar Ghráinne. Is duine muiníneach í agus níor chuir sé isteach uirthi a bheith ag argóint le Milly.
Dúirt Sinéad liom go ciúin go raibh a saoire sa Spáinn beagán leadránach. An rud céanna gach lá, ar sí. Linn snámha, caifé, linn snámha, dinnéar, linn snámha arís an chéad lá eile. Is duine cineálta í Sinéad agus is dócha go ndúirt sí é mar go raibh trua aici dom.

