Nuair a tháinig Neans bheag isteach sa scoil d'fhéach Antaine uirthi os íseal. Shíl sé uirthi go raibh sí tar éis a bheith ag gol; cheap sé go bhfaca sé rian na ndeor ar a pluca. An chéad uair a ghlaoigh an máistir ina ainm air, gheit sé, óir shíl sé go raibh sé ar tí an choir a chur ina leith nó ceist a chur air i dtaobh na bábóige. Níor chuir sé isteach lá chomh dona leis an lá sin riamh ar scoil. Ach nuair a chuaigh sé abhaile agus nuair a chonaic sé biseach maith ar Eibhlín, agus í ina suí aniar sa leaba den chéad uair le mí, agus an bhábóg fáiscthe lena hucht aici, ar seisean leis féin: 'Is cuma liom. Tá an bhábóg ag cur bisigh mhóir ar Eibhlín.'
Ar a leaba dó san oíche bhí drochbhrionglóidí aige arís. Cheap sé go raibh an máistir tar éis a insinte do na pílears gur ghoid sé an bhábóg, agus go raibh na pílears ar a thí; shíl sé uair amháin go raibh pílear i bhfolach faoin leaba agus go raibh ceann eile ar a chromada faoi scáth bhrat na fuinneoige. Scread sé os ard trína chodladh.
'Céard atá ort?' a deir a athair leis.
'An pílear atá ar thí mo ghafa,' arsa Antaine.
'Níl tú ach ag rámhailleacht, a ghasúir,' arsa a athair leis. 'Níl aon phílear ann.
Téirigh a chodladh dhuit féin.'

7
An Gadaí

Leathanach 7

Scéalta