Ba dhona an saol ag an duine bocht é as sin amach. Shíleadh sé go mbítí ag síneadh méire chuige agus é ag siúl an bhóthair. Shíleadh sé go mbítí ag croitheadh an chinn agus ag rá lena chéile: 'Sin gadaí,' nó, 'Ar chuala tú céard a rinne Antaine Pháraic Uí Mhainnín? A bábóg a ghoid ó Neans bheag an mháistir. Anois céard a deir tú?' Ach níor fhulaing sé pian i gceart go ndeachaigh sé chun Aifrinn Dé Domhnaigh agus gur thosaigh an tAthair Rónán ag tabhairt seanmóra uaidh ar an Seachtú hAithne: 'Ná déan goid; agus má dhéanann tú goid, ní maithfear dhuit go dtuga tú cúitiú.'
Bhí Antaine lánchinnte go raibh sé i bpeaca marfa. Bhí a fhios aige go mba cheart dó dul chun faoistine agus an peaca a insint don sagart. Ach ní fhéadfadh sé dul chun faoistine, mar bhí a fhios aige go n-abródh an sagart leis go gcaithfeadh sé an bhábóg a thabhairt ar ais. Agus ní thabharfadh sé an bhábóg ar ais. Chruaigh sé a chroí agus dúirt nach
dtabharfadh sé an bhábóg ar ais go deo, mar go
raibh an bhábóg ag cur bisigh ar Eibhlín ó lá
go lá.

8
An Gadaí

Leathanach 8

Scéalta