Caibidil 9 

Bhí mé sásta nuair a tháinig deireadh leis an mbliain scoile. Bhí mé ag faire ar Zara ó lá go lá, ag fiafraí díom féin cad a cheap sí fúm. Bhí sí cairdiúil liom - milis cairdiúil uaireanta – agus níor chuala mé í ag magadh fúm arís. Ach is dócha gur labhair sí fúm nuair nach raibh mé sa seomra. Na héadaí a bhí orm, an snas ingne, mé i mo chónaí i dteach beag, mo phleananna saoire. Bhí go leor bealaí aici le náire a chur orm dá roghnódh sí é.
Dúirt Sinéad liom gan a bheith buartha fúithi. Bhí Gráinne fós cairdiúil liom freisin ach b’fhéidir go dtosódh sí ag argóint liomsa lá éigin. Níl sé éasca nuair is déagóir óg thú. Tagann athrú ar do shaol agus ní thuigeann tú cén fáth. Ba mhaith leat a bheith fásta suas lá amháin agus ar ais i saol an pháiste lá eile. Agus níl smacht agat ar do chuid pleananna. Tá tú ag brath ar na roghanna a thugann do thuismitheoirí duit.
Ní raibh mé buartha an t-am ar fad mar sin féin. Bhí mé ag dul go dtí an Spáinn le mo dhaid. Agus bhí mé ag cur aithne ar mo dheirfiúirín Fiadh. Thóg mé i mo bhaclainn í cúpla uair ó tharla an rí-rá sa chaifé. Rinne sí gáire liom a chuir mo chroí ag preabadh.
Bhí mé ag pacáil don Spáinn nuair a tháinig Mam isteach i mo sheomra. Seachtain amháin a bheadh againn ar oileán Menorca, atá amuigh ó chósta na Spáinne. Uiscí gorma na Meánmhara timpeall orainn agus an ghrian ag taitneamh. T-léine ghlan gach lá agus cúpla ceann breise. Brístí gearra agus sciortaí an-ghearra. Gúnaí deasa éadroma. Dhá hata. Éadaí snámha agus tuáille don trá. Agus bosca beag don smideadh freisin, rud nár inis mé do mo mham.
Nuair a tháinig sí isteach i mo sheomra codlata, cheap mé go ndéarfadh sí go raibh mé ag pacáil go róluath. I gceann coicíse a bhí an turas. Trá, linn snámha, óstán. Leadóg bhoird agus cluichí cártaí. Mé ag smaoineamh ar an turas an t-am ar fad. Bhí mé cinnte dearfa nach mbeadh sé pioc leadránach. Mé ag spraoi le mo dhaid agus ag imirt cúpla cluiche le Charlie, b’fhéidir. Mé go deas le Fiadh agus mé béasach le Bláthnaid.
Stad mo mham ag doras mo sheomra. Ní dúirt sí focal ar dtús. Thuig mé go tobann go raibh rud éigin mícheart.

33