‘Tá do dhaid Darach sa seomra suite,’ ar sí. ‘Ba mhaith leis labhairt leat.’
‘Mo dhaid Darach? Cén fáth?’ Bhain mé na cluasáin a bhí orm. Bhí ceol ar siúl agam agus níor chuala mé doras an tí á oscailt.
‘Tá Fiadh san ospidéal,’ arsa mo mham. ‘Míneoidh sé an scéal duit.’
Thuig mé láithreach go raibh Daid an-bhuartha. Ní raibh meangadh gáire a bhéal. Thug sé barróg an-docht dom agus shuigh sé síos arís go trom. Shuigh mise in aice leis.
‘Tá Fiadh tinn,’ ar sé. ‘Tá rud éigin cearr lena bolg. Tá gach seans go mbeidh obráid aici. Fanfaidh Bláthnaid san ospidéal léi agus beidh mise ann gach lá.’
Labhair sé go han-tapa. Bhain an scéal geit asam. ‘Tá brón orm,’ a dúirt mé go mall. ‘An bhfuil...? An mbeidh Fiadh ceart go leor?’
‘Tá súil againn go mbeidh,’ ar sé. ‘Bhí tástálacha ar siúl inné agus maidin inniu. Deir na dochtúirí go mbeidh an obráid aici amárach.’
‘Ach cad atá cearr? Cén fáth a mbeidh an obráid aici?’
‘Tá píosa den bholg ar a dtugtar an aipindic. Tá sí ata, a deir na dochtúirí, rud a chiallaíonn go bhfuil sí éirithe níos mó ná mar ba cheart. Caithfear an aipindic a ghearradh amach. Is rud é seo a tharlaíonn do roinnt déagóirí ach is fíorannamh a tharlaíonn sé do leanaí óga.’
Níor chuir mé ceist air faoin Spáinn. Thuig mé cheana féin cad a bhí le rá aige.
‘Tá an-bhrón orm faoi seo, a Róise, ach ní bheimid ag dul go dtí an Spáinn. Chuir mé gach rud ar ceal ar maidin. Ní féidir linn dul ag taisteal le Fiadh tar éis obráide.’
‘Tuigim, a dhaid.’ Bhí mé trí chéile. An mbeadh Fiadh ceart go leor i ndáiríre? An mbeadh an obráid contúirteach?
Thug mo mham barróg mhór do mo dhaid nuair a bhí sé ag imeacht. Ní minic a dhéanann sí é sin. Bhí sí an-bhrónach nuair a scar siad ó chéile. Ach nuair a rugadh Fiadh, chuir sí bláthanna agus cárta mór comhghairdis chuig mo dhaid agus a pháirtí nua Bláthnaid. Is duine cineálta í mo mham.

