Chonaic Antaine ionadh ba mhó ná aon ionadh dá raibh ag an máistir sa ghairdín. Chonaic sé teachín beag álainn faoi scáth crainn de na cranna rós; é déanta d'adhmad; dhá stór ann; dath bánar an stór íochtair agus dath dearg ar an stór uachtair; doras beag glas air; trí fuinneoga gloine air, ceann ó íochtar agus dhá cheann ó uachtar; troscán tí ann, idir bhoird, chathaoireacha, leapacha, ghréithe, agus eile; agus, arsa Antaine leis féin, féach bean uasal an tí ina suí sa doras!
Ní fhaca Antaine teach bábóige riamh roimhe sin, agus b'ionadh leis a ghleoiteacht agus a dheise mar áilleán. Thuig sé gur le cailín beag an mháistir é, le Neans bheag. Trua gan a leithéid ag a dheirfiúirín beag féin, ag Eibhlín, an créatúr, a bhí sínte ar a leaba le ráithe mhór agus í lag tinn! Trua gan an bábóigín féin aici! Chuir Antaine saint a chroí sa bhábóg sin d'Eibhlín. D'fhéach sé thar a ghualainn dheas. Ní raibh an máistir ná an mháistreás le feiceáil. D'fhéach sé thar a ghualainn chlé. Bhí na gasúir eile as amharc. Ní dhearna sé an dara smaoineamh. Thug sé a sheanléim den sconsa, rug ar an mbábóg, sháigh isteach faoina chasóg í, d'imigh leis thar claí amach arís, agus ghread leis abhaile.
![](/assets/Home-68162fc7cdb903df61529e1dd4ccd844fb348a742d4411ac085180fdbde18665.png)
![](/assets/white_story_board-d00bc738d3731dc1ce433ec9a39e7ba4f1e98dcd5254f719ee8bcf93bed738fe.jpg)
![](/assets/next-9a02a9009c41cbe1fa264064a28f40517e885bc8a63334c7a8971441323849fa.png)
![](/assets/prev-95273c208154e33601efad44d71020fddd8233811959c1ffb857b4da0e90333a.png)
Leathanach 4