'Tá bronntanas agam duit,' ar seisean le hEibhlín nuair a ráinigh sé an teach. 'Féach!' Leis sin thaispeáin sé an bhábóg di.
Tháinig dath i leicne caite an chailín bhig a bhí tinn, agus tháinig solas ina súile.
'Óra, a Antaine, a ghrá, cá bhfuair tú í?' ar sise.
'Neans bheag an mháistir a chuir chugat mar bhronntanas í,' arsa Antaine.
Tháinig a mháthair isteach.
'A Mhaimín, a chuid,' arsa Eibhlín, 'féach an bronntanas a chuir Neans bheag an mháistir chugam!'
'An dáiríre?' arsa an mháthair.
''Sea,' arsa Eibhlín. 'Antaine a thug isteach chugam anois í.'
D'fhéach Antaine síos ar a chosa agus ghabh ag comhaireamh na méar a bhí orthu.
'A mhainín féin,' a deir an mháthair, 'nach í a bhí go maith dhuit! Muise mo ghairm thú, a Neans! Rachaidh mé i mbannaí go gcuirfidh an bronntanas sin biseach mór ar mo chailín beag.'

5
An Gadaí

Leathanach 5

Scéalta