Bhí comhluadar Chóil Labhráis ag ól tae tráthnóna na fleá.
‘An rachaimid chuig teach na scoile anocht, a Dheaide?’ arsa Cuimín Chóil lena athair.
‘Gabhfaidh. Dúirt an tAthair Rónán go mba mhaith leis an pobal uilig a dhul ann.’
‘Nach againn a bhéas an spraoi!’ arsa Cuimín.
‘Fanfaidh tusa sa mbaile, a Nóra,’ a deir an mháthair, ‘le aire a thabhairt don pháiste.’
Chuir Nóra pus uirthi féin ach níor labhair sí.
Tar éis tae chuaigh Cól agus a bhean siar sa seomra le hiad féin a ghléasadh chun bóthair.
‘Mo léan nach gasúr fir a rinne Dia dhíom,’ a deir Nóra lena deartháir.
‘Muise, tuige?’ arsa Cuimín.
‘Chuile chuige níos fearr ná a chéile,’ arsa Nóra. Leis sin thug sí boiseog bheag don leanbh a bhí idir a bheith ina chodladh is ina dhúiseacht sa chliabhán. Chuir an leanbh béic as.
‘Ara, éist leis an bpáiste,’ arsa Cuimín. ‘Má chloiseann mo mháthair ag béicíl é, bainfidh sí an chluas díot.’
‘Is cuma liom má bhaineann sí an dá chluais díom,’ arsa Nóra.
‘Céard atá ort?’ Bhí Cuimín á ní féin agus stad sé agus d’amharc anonn thar ghualainn ar a dheirfiúr, agus an t-uisce ag sileadh lena éadan.
‘Tuirseach de bheith i m’asailín ag mo mháthair agus ag chuile dhuine atáim,’ arsa Nóra. ‘Ag obair ó mhaidin go hoíche dhom agus sibhse ar bhur suaimhneas. Sibhse ag dul ag an spraoi anocht, agus mise i mo shuí anseo i mo bhanaltra don pháiste seo. “Fanfaidh tusa sa mbaile, a Nóra, le aire a thabhairt don pháiste,” a deir mo mháthair. Sin é an chaoi i gcónaí. Is trua nach gasúr fir a rinne Dia dhíom.’

3
Na Bóithre

Leathanach 3

Scéalta