Bhí Cuimín ag triomú a éadain faoin am sin, agus ‘s-s-s-s-s’ ar bun aige ar nós duine a bheadh ag deasú capaill.
‘Is trua, deile,’ ar seisean nuair a d’fhéad sé labhairt.
Chaith sé uaidh an tuáille, chuir a cheann ar leataobh, agus d’fhéach go sásta air féin sa scáthán
a bhí ar crochadh ar an mballa.
‘Scoilt a dhéanamh i mo chuid gruaige anois,’ ar seisean, ‘agus bheidh mé ar fheabhas.’
‘An bhfuil tú réidh, a Chuimín?’ a deir a athair ag teacht aniar as an seomra.
‘Táim.’
‘Beimid ag bogadh linn’.
Tháinig an mháthair aniar.
‘Má bhíonn sé siúd ag caoineachán, a Nóra, ‘ ar sise, ‘tabhair deoch bhainne dhó as an mbuidéal.’
Ní dúirt Nóra focal. D’fhan sí ina suí ar an suístín in aice an chliabháin agus a smig leagtha ar a dhá láimh agus a dhá huillinn leagtha ar a glúine. Chuala sí a hathair agus a máthair agus Cuimín ag dul amach an doras agus trasna na sráide; d’aithin sí ar a nglórtha go rabhadar ag dul síos an bóithrín. Chuaigh na glórtha in éag agus thuig sí go rabhadar tar éis an bóthar a thabhairt dóibh féin.

4
Na Bóithre

Leathanach 4

Scéalta