Ghabh Nóra ag cumadh pictiúr bréige ina haigne.
Chonaic sí, dar léi, an bóthar breá réidh agus é geal faoi sholas gealaí.
Bhí na daoine ina mionscataí ag déanamh ar theach na scoile.
Bhí muintir Ros na gCaorach ag teacht amach an bóthar, agus muintir Ghairfeanach ag triall
thart le teach na máistreása, agus muintir Chill Bhriocáin ag bailiú anuas an cnocán,
agus muintir an Turlaigh Bhig cruinnithe cheana; bhí dream ón Turlach, agus corrscata
ó Ghleann Chatha, agus duine nó beirt as Inbhear ag teacht isteach an bóthar.
Samhlaíodh di go raibh a muintir féin ag geata na scoile anois. Bhíodar ag dul suas an cosán.
Bhíodar ag beannú isteach an doras. Bhí teach na scoile beagnach lán, agus gan deireadh
le teacht na ndaoine fós. Bhí lampaí crochta ar na ballaí agus an teach chomh geal is a bheadh i lár an lae.
Bhí an tAthair Rónán ansin agus é ag dul ó dhuine go duine agus ag cur fáilte roimh gach aon duine. Bhí fear Bhaile Átha Cliath ann agus é go lách mar ba dhual dó. Bhí an mháistreás ann agus máistir agus máistreás an Ghoirt Mhóir agus bean na lásaí. Bhí gearrchailí na scoile ina suí le chéile ar na suíocháin tosaigh. Nach rabhadar le amhrán a rá? Chonaic sí, dar léi, Máire Sheáin Mhóir, agus Máire Pheaitín Johnny, agus Baibín Chóil Mharcais, agus Bríd an Bhádóra agus a cloigeann rua uirthi, agus Bríd Cháitín Ní Fhiannachta agus a béal oscailte aici mar ba ghnách léi. Bhí na gearrchailí ag féachaint thart agus ag tabhairt uillinne dá chéile agus ag fiafraí dá chéile cá raibh Nóra Chóil Labhráis. Bhí teach na scoile lán go doras anois. Bhí an tAthair Rónán ag bualadh a dhá bhois le chéile. Bhíothas ag stad den chaint agus den chogarnach. Bhí an tAthair Rónán ag labhairt leo. Bhí sé ag labhairt go greannmhar. Bhí gach aon duine ag gáirí. Bhí sé ag glaoch ar ghearrchailí na scoile chun an t-amhrán a thabhairt uathu. Bhíodar siúd ag éirí ina seasamh agus ag siúl go dtí ceann an tseomra agus ag umhlú don phobal.
‘Mo léan gan mé ann,’ arsa Nóra bhocht léi féin, agus leag a héadan ar a bosa agus thosaigh ag gol.

5
Na Bóithre

Leathanach 5

Scéalta