Tráthnóna amháin bhí sé ina shuí cois na leapa i séis chomhrá le hEibhlín nuair a rith a mháthair isteach go deifreach agus ar sise:
'Seo aníos an bóithrín an mháistreás agus Neans bheag!'
Ba mhaith le hAntaine go n-osclódh an talamh agus go slogfadh sí é. Bhí a éadan dearg suas go dtí an dá chluais. Bhí allas leis. Níor fhéad sé focal a rá ná smaoineamh a cheapadh. Ach bhí na focail seo ag rith trína cheann: 'Bainfidh siad an bhábóg d'Eibhlín.'
Ba chuma leis céard a déarfaí nó céard a dhéanfaí leis féin. Ní bheadh de fhreagra aige ach: 'Tá an bhábóg ag cur bisigh ar Eibhlín.'
Tháinig an mháistreás agus Neans bheag isteach sa seomra. D'éirigh Antaine. Níor fhéad sé féachaint san éadan orthu. Thosaigh sé ar a sheanseift, ag comhaireamh méar a chos. Cúig cinn ar gach cois; ceithre mhéar agus ordóg; nó trí mhéar, ordóg agus laidhricín; sin cúig cinn; a cúig faoi dhó, a deich; deich gcinn ar fad. Níor fhéad sé a líon a mhéadú ná a laghdú. Bhí a mháthair ag caint, bhí an mháistreás ag caint, ach ní raibh aon aird ag Antaine orthu. Bhí sé ag fanacht nó go n-abrófaí rud éigin i dtaobh na bábóige. Ní raibh le déanamh aige go dtí sin ach a mhéara a chomhaireamh. A haon, a dó, a trí…
![](/assets/Home-68162fc7cdb903df61529e1dd4ccd844fb348a742d4411ac085180fdbde18665.png)
![](/assets/white_story_board-d00bc738d3731dc1ce433ec9a39e7ba4f1e98dcd5254f719ee8bcf93bed738fe.jpg)
![](/assets/next-9a02a9009c41cbe1fa264064a28f40517e885bc8a63334c7a8971441323849fa.png)
![](/assets/prev-95273c208154e33601efad44d71020fddd8233811959c1ffb857b4da0e90333a.png)
Leathanach 9