Stad sí den ghol go tobann. Chroch sí a ceann agus chuimil bos dá súile.
Ní raibh sé ceart, ar sise ina haigne féin. Ní raibh sé ceart, cóir ná feiliúnach.
Cad chuige ar coinníodh sa mbaile í? Cad chuige a gcoinnítí sa mbaile i gcónaí í?
Dá mba ghasúr fir í, ligfí amach í. Ó nach raibh inti ach gasúr mná, choinnítí sa mbaile í.
Ní raibh inti, mar a dúirt sí le Cuimín an tráthnóna sin, ach asailín beag gearrchaile.
Ní chuirfeadh sí suas leis a thuilleadh. Bheadh cead a cinn aici. Bheadh sí chomh saor le gasúr fir ar bith dá dtáinig nó dá dtiocfadh. Ba minic roimhe sin a chuimhnigh sí ar ghníomh. Dhéanfadh sí an gníomh sin anocht.
Ba mhinic a shíl Nóra go mba bhreá an saol bheith ag imeacht roimpi ina seabhac siúil gan beann aici ar dhuine ar bith. Bóithre na hÉireann roimpi agus a haghaidh orthu; cúl a cinn leis an mbaile agus le cruatan agus le crostacht a muintire. Í ag siúl ó bhaile go baile agus ó ghleann go gleann. An bóthar breá réidh roimpi, glasradh ar gach taobh de, tithe beaga cluthara ar shleasa na gcnocán. Dá n-éireodh sí tuirseach, d’fhéadfadh sí síneadh siar cois claí, nó d’fhéadfadh sí dul isteach i dteach éigin agus deoch bhainne agus suí cois tine a iarraidh ar bhean an tí. Codladh na
hoíche a dhéanamh i gcoill éigin faoi scáth crann, agus éirí i moch na maidine agus síneadh roimpi arís faoin aer úraoibhinn. Dá dteastódh bia uaithi (agus is dócha go dteastódh) dhéanfadh sí obair lae anseo agus obair lae ansiúd, agus bheadh sí lántsásta dá bhfaigheadh
sí cupán tae agus blúire aráin i ndíolaíocht a hoibre. Nár bhreá an saol é sin seachas bheith ina hasailín beag gearrchaile sa mbaile ag beathú na gcearc agus ag tabhairt aire don naíonán!Ní ina cailín a d’imeodh sí roimpi ach ina malrach. Ní bheadh a fhios ag duine ar bith nach malrach a bheadh inti. Nuair a ghearrfadh sí a cuid gruaige agus culaith bháiníní le Cuimín a chur uirthi féin cé a d’aithneodh gur ghearrchaile í?

7
Na Bóithre

Leathanach 7

Scéalta