Bhí sé beagán scanrúil dúinn suí sa dorchadas. Las Charlie tóirse ar a ghuthán mar a rinne roinnt daoine eile. Theastaigh uaim a rá leis nach raibh an traein go hiontach níos mó. Dá mbeimis tar éis dul ar eitleán as Baile Átha Cliath go Páras, bheimis ann anois. Ach d’fhan mé i mo thost. Bhí mé buartha agus b’fhearr liom gan a bheith ag argóint.
Tháinig an bhean san éide ar ais tar éis fiche nóiméad. ‘Caithfimid an traein a fhágáil’, ar sí de ghuth ard. ‘Tógaigí libh an bagáiste...’
‘Cá rachaimid? Cad atá ag tarlú?’ Bhris a lán ceisteanna amach ón slua. Dúirt bean an Eurostar linn éisteacht léi.
‘Siúlfaimid go dtí baile beag atá cúig nóiméad déag as seo. Tiocfaidh busanna chun sinn a thabhairt go Páras. Táimid ag obair chomh tapa agus is féidir linn. Tá traenacha ina stad ar fud na tíre. Ach beidh gach rud ceart go leor.’
‘Beidh a lán busanna ag teastáil,’ arsa mise go himníoch. ‘Tá na céadta daoine ar an traein. An bhfágfar muid ag fanacht ar thaobh an bhóthair?’
‘Is fíor go bhfuil slua mór ar an traein,’ arsa Charlie. ‘Ocht nó naoi gcéad paisinéir, déarfainn.’
Bhí daoine ag deifriú go dtí na doirse. Iad ag tarraingt a gcuid bagáiste anuas de na racaí. Iad ag brú ar a chéile ar nós slua páistí i siopa milseán. Eagla orthu go n-imeodh na busanna gan iad. Iad ag labhairt i dteangacha difriúla.
Rug mé greim láimhe ar an gcailín beag, Nadia. Bhí an buachaillín, Rayan, lena mham. Thóg Charlie ár gcuid bagáiste. Bhí a lán málaí ag Kadira agus bhí mo mham Úna ag cabhrú léi. Theastaigh uainn fanacht le chéile ach bhí paisinéirí eile ag brú tharainn. Thosaigh mé féin, Charlie agus Nadia ag siúl.
Bhí sé deacair a fheiceáil cad a bhí ag tarlú. Bhrúigh fear mór i mo choinne nuair a bhíomar in aice leis an doras. Dúirt Nadia rud éigin liom nár thuig mé. Scaoil sí mo lámh.
Ghlaoigh mé amach uirthi ach bhí beirt eile i mo bhealach faoin am sin. Ní fhaca mé cá raibh sí.

43