Ní raibh mé ábalta dul á lorg. Ní raibh de rogha agam ach imeacht amach as an traein. Bhí Charlie lasmuigh romham. D’fhanamar le Nadia. Ach níor tháinig sí amach.
D’fhanamar cúpla nóiméad eile. ‘Chuaigh sí ar ais go dtí a mam, is dócha,’ a dúirt Charlie. ‘Tá sí fós istigh sa traein.’
Bhí claí ard idir an traein agus na páirceanna. Bhí fear in éide Eurostar ag rith suas agus anuas in aice leis an traein. Dúirt sé linn siúl go dtí geata idir an líne traenach agus bóthar beag. Shiúlamar go dtí an geata agus d’fhanamar leis na daoine eile.
Bhí mé fíorbhuartha faoi Nadia. Agus nuair a tháinig Kadira agus Mam suas linn, ní raibh na páistí leo.
‘Cá bhfuil siad?’ a bhéic mé. Bhí mé go mór trí chéile. ‘Cá bhfuil Nadia agus Rayan?’
‘Nach bhfuil siad libhse?’ a bhéic Kadira. ‘Níor fhan Rayan liomsa. Lean sé a dheirfiúr!’
Bhíomar go léir trí chéile. Ba bheag nach raibh mise ag gol mar gur scaoil Nadia mo lámh. Bhí torann agus brú agus imní san aer.
‘Éistigí,’ arsa mo mham. Bhí sí an-bhuartha ach bhí a guth socair. ‘B’fhéidir nach bhfaca sibh na páistí ag dul tharaibh. Nó b’fhéidir go bhfuil siad fós ar an traein. Seo é an plean, mar sin. Téigh tusa síos an bóthar, Kadira, agus iarr ar dhaoine eile cabhrú leat na páistí a lorg. Tar ar ais i gceann deich nóiméad chun seiceáil an bhfuil scéal nua agam. Fanfaidh mise anseo leis an mbagáiste agus feicfidh mé na páistí má thagann siad an treo seo. Sibhse, a Róise agus Charlie, téigí ar ais go dtí an traein. Iarraigí ar dhaoine cabhrú libh.’
Bhí sé deacair siúl ar ais go dtí an traein sa dorchadas. Bhí slua ag teacht inár dtreo an t-am ar fad. Ní fhaca aon duine na páistí. Ach dúirt cúpla duine go gcabhródh siad linn.
Shroicheamar an carráiste ina raibh ár gcuid suíochán ar an traein. Bhí an carráiste beagnach folamh. Chuaigh Charlie agus bean óg isteach ann. Chuardaigh siad faoi na suíocháin. D’fhan mise in aice leis an doras. D’imigh fear óg síos an traein chun bean an Eurostar a lorg. Bhí tóirse ar a ghuthán agus chonaic mé an solas ag preabadh sna fuinneoga.

