Bhí mé i mo sheasamh sa spás idir an carráiste agus an doras amach as an traein. An áit chéanna ina raibh mé nuair a scaoil Nadia a greim ar mo lámh. Chuimhnigh mé siar ar an soicind uafásach sin. An slua ag brú orainn. Dúirt Nadia rud éigin nár thuig mé. Ar labhair sí in Arabais nó i bhFraincis?
Bhí eagla an domhain orm gur sciob duine fásta í. Duine contúirteach a chonaic cailín beag ina haonar. Bheadh sé an-éasca fuadach a dhéanamh sa dorchadas. Ach cad faoi Rayan, ar fuadaíodh é siúd freisin? An raibh an locht ormsa gur fuadaíodh iad?
Dá mbeimis ar saoire sa Spáinn, bheadh gach rud ceart go leor. Ní bheimis ar thraein amuigh faoin tuath sa dorchadas. Ní bheinnse buartha, tuirseach, ocrach.
D’fhéach mé timpeall orm. Bhí na leithris idir mé agus doras an charráiste. Dhá leithreas a bhí ann, iad trasna an phasáiste óna chéile. Bhí doras amháin dúnta agus an ceann eile ar oscailt. Bhrúigh mé ar an doras oscailte. Bhí an áit folamh, ciúin.
Chas mé go dtí an dara leithreas. Bhí an traein ar fad ag ciúnú. Choimeád mé m’anáil. An raibh torann ag teacht ón leithreas a bhí dúnta?
‘An bhfuil sibh istigh sa leithreas?’ a bhéic mé amach. ‘Nadia? Rayan?’ Choimeád mé m’anáil arís. An raibh mo ghuth láidir go leor? Bhéic mé orthu arís eile.
Chuala mé torann éigin taobh thiar den doras. Guthanna, b’fhéidir.
‘Charlie, Charlie!’ a bhéic mé ag doras an charráiste. ‘Tar anseo! Ceapaim go bhfuil siad...’
Chuala mé páiste ag gol. Léim mo chroí.
Thriail mé doras an leithris ach bhí sé faoi ghlas. Chuala mé guth an dara páiste. Dúirt mé leo go mbeadh gach rud ceart go leor. D’imigh na soicindí.
Thriail mé féin agus Charlie doras an leithris arís is arís eile. Ansin chonaiceamar an fear óg lena thóirse ag siúl inár dtreo. Bhí bean an Eurostar in éineacht leis.
Faoi dheireadh. Faoi dheireadh thiar. D’osclódh sise an doras agus bheadh na páistí slán, sábháilte.  

45