Ní dheachamar go Páras ar an mbus an oíche sin. Bhí an saol bunoscionn i bPáras, a dúirt an tiománaí linn. Ní raibh na soilse tráchta ag obair sa chathair. Ní raibh an t-idirlíon ag obair. Ní raibh leictreachas ar fáil sna hóstáin ná in aon áit eile.
Thug an bus muid go dtí óstán i mbaile mór ar an mbóthar go Páras. Bhí coinnle ar lasadh sna fuinneoga thíos staighre. Thug fear an óstáin béile dúinn. Arán, cáis, bananaí agus deoch liomanáide. Ní raibh bia te san óstán mar nach raibh an leictreachas ag obair.
Bhí sceitimíní orainn. Bhí na coinnle níos deise ná na soilse leictreacha. Bhíomar ag caint agus ag gáire le chéile. Thug an fear tóirsí dúinn le tabhairt go dtí ár seomraí codlata. Thit mise i mo chodladh an nóiméad a luigh mé síos i mo leaba. Bhí mé tuirseach traochta tar éis ár gcuid eachtraí.
Bhí na gutháin ag obair arís ar maidin. Tar éis an bhricfeasta d’fhágamar slán ag Nadia, Rayan agus Kadira. Tháinig daidí na bpáistí as Páras chun iad a thiomáint abhaile. ‘Feicfimid i bPáras sibh,’ a dúirt Nadia nuair a scaoil sí le mo lámh. ‘Cinnte,’ arsa Kadira. ‘Tagaigí ar cuairt orainn le bhur dtoil.’
Bhí mé bródúil gur chabhraigh mé leo. Bhí mé an-bhródúil gur chabhraíomar go léir lena chéile. Bhí mé fíorbhuartha nuair a bhí gach rud trí chéile sa dorchadas. Ach ní dhéanfainn dearmad go brách den turas ar an Eurostar.
Nuair a d’imigh siad, d’inis Charlie dúinn faoi na scéalta móra nuachta a léigh sé ar a ghuthán. Bhí na mílte mílte daoine i sáinn sna haerfoirt. Gach aerfort plódaithe mar nach raibh na ríomhairí a úsáideann na heitleáin slán sábháilte fós. Ní raibh spás ag daoine sna haerfoirt luí síos ar an urlár san oíche. Bhí na hóstáin gar do na haerfoirt lán go doras. Shiúil roinnt daoine ar feadh uair an chloig nó dhó ón aerfort chun óstán a lorg.
‘Cén fáth ar theip ar an leictreachas?’ a d’fhiafraigh mé de Charlie.
‘Níl freagra cinnte air sin fós,’ ar sé. ‘Is cosúil gur tharla cúpla rud ag an am céanna a chuir an córas leictreachais faoi bhrú. Creideann a lán daoine go raibh baint aige leis an aimsir. Bhí an aimsir an-tirim le cúpla mí anuas agus níor fágadh mórán uisce sna haibhneacha. Tá uisce ag teastáil don leictreachas.’

47