‘Ach cén fáth?’ Bainim úsáid as leictreachas agus as an idirlíon gach uile lá agus ní thuigim conas a oibríonn siad. B’fhéidir nach dtuigeann a lán daoine fásta iad ach oiread.
‘Tagann a lán leictreachais sa Fhrainc ó stáisiúin mhóra núicléacha,’ arsa Charlie. ‘Bíonn ceimicí contúirteacha iontu agus oibríonn na stáisiúin ar bhealach an-chasta chun na ceimicí a choimeád slán. Nuair a ghintear an leictreachas, éiríonn an gléasra an-te. Bíonn a lán lán uisce ag teastáil chun fuarú a dhéanamh. Ach nuair a thriomaíonn abhainn in aice le stáisiún núicléach, ní bhíonn dóthain uisce ar fáil agus dúntar síos an stáisiún.Tharla sin in a lán áiteanna le déanaí.’
‘Nach féidir leictreachas a fháil ar bhealaí eile?’ a d’fhiafraigh mé. ‘Ón ola nó ón ngaoth nó ón ngrian?’
‘Is féidir agus déantar sin. Ach tharla rud éigin aisteach tráthnóna inné. Bhí cuid de na stáisiúin núicléacha dúnta síos agus ní raibh an córas chomh láidir is a bhíonn de ghnáth. Go tobann stop an córas iomlán ag obair. Níl a fhios ag aon duine go díreach cén fáth. Ach bhí níos mó ná leath na Fraince gan leictreachas.’
Bhí mé trí chéile. Bhí an saol bunoscionn agus ní raibh freagraí ag na daoine fásta.
‘Tá athrú mór ag teacht ar an gcóras leictreachais,’ arsa Charlie. Scrolláil sé ar a ghuthán agus an míniú á léamh aige. ‘Táimid ag athrú ón bhfuinneamh salach go dtí an fuinneamh glan. Ba chóir tosú ar an athrú sin triocha bliain ó shin ach dúirt a lán daoine nach raibh fadhb leis an aeráid. Anois caithfimid an córas a athrú go han-tapa agus níl sé éasca.’
‘Ná bí buartha mura dtuigeann tú é,’ arsa Mam. Chroith sí a ceann. ‘Uaireanta tarlaíonn rud beag simplí a chuireann stop le córas mór casta.’
‘Tuigim,’ arsa mise. Níor thuig mé gach rud a dúirt siad ach bhí mé ag foghlaim.
‘Tharla rud an-aisteach sa Fhrainc anuraidh,’ arsa Mam, ‘i gcúpla stáisiún núicléach in aice na farraige. Chuaigh na mílte smugairlí róin isteach sna caidéil, san áit a ndéantar an t-uisce a phumpáil. Dúnadh síos na stáisiúin ollmhóra sin mar gheall ar na smugairlí róin!’

