Céard é sin? Bhí Eibhlín ag tagairt don bhábóg. D'éist Antaine anois.
'Nár mhaith uait an bhábóg a chur chugam?' a bhí sí a rá le Neans. 'Ón lá ar thug Antaine isteach chugam í, thosaigh biseach ag teacht orm.'
'Thosaigh sin,' a deir a máthair. 'Beidh muid buíoch dhíot go deo i ngeall ar an mbábóg chéanna a chur chuici. Go meadaí Dia do stór agus go gcúití sé leat míle uair é.'
Níor labhair Neans ná an mháistreás. D'fhéach Antaine ar Neans faoi cheilt. Bhí a dhá súil greamaithe sa bhábóg, óir bhí an bhábóg ina luí go seascair sa leaba le hais Eibhlín. Bhí a béal leath ar oscailt aici, agus ionadh an domhain uirthi faoi ráite Eibhlín agus a máthar.
'Is ar éigean a chreid mé Antaine nuair a thug sé isteach chugam í,' arsa Eibhlín, 'agus nuair a d'inis sé dhom gur chuir tú chugam mar bhronntanas í.'
D'fhéach Neans anonn ar Antaine. D'ardaigh Antaine a shúile go mall agus d'fhéachadar isteach i súile a chéile. Ní bheidh a fhios go deo céard a léigh Neans i súile Antaine. Is é an rud a léigh Antaine i súile Neans an trócaire, an bhá agus an mhilseacht.
Labhair Neans le hEibhlín.
'An dtaithníonn sí leat?' ar sise.
'Ó, taithníonn thar cionn,' a deir Eibhlín. 'Is fearr liom í ná aon rud dá bhfuil agam ar an domhan.'
'Tá teach beag agam ina gcónaíodh sí,' arsa Neans. 'Caithfidh mé a chur chugat lena haghaidh. Tabharfaidh Antaine chugat amárach é.'
'Óra!' arsa Eibhlín, agus í ag bualadh a dhá boisín beag tanaí lena chéile.
'Bheadh sé mór agat, a ghrá,' arsa máthair Eibhlín le Neans.
'Ní bheadh,' arsa Neans. 'Cuirfidh sé biseach eile ar Eibhlín. Tá go leor rudaí agamsa.'
'Lig di é a dhéanamh, a Cháit,' arsa an mháistreás leis an máthair.
'Tá sibh rómhaith,' a deir an bhean bhocht.
Leathanach 11