‘Cé atá agam?’ a deir an tAthair Rónán.
D’inis sí bréag. Céard eile a bhí lena insint aici?
‘Cuimín Chóil Labhráis, a Athair,’ ar sise. Leag sé lámh ar gach gualainn léi agus d’fhéach síos uirthi.
Bhí an ceann cromtha aici.
‘Shíl mé gur imigh tú abhaile le d’athair agus le do mháthair,’ ar seisean.
‘D’imigh, a Athair, ach chaill mé mo chaipín agus tháinig mé ar ais á iarraidh.’
‘Nach bhfuil do chaipín ar do cheann?’
‘Fuair mé ar an gcosán é.’
‘Nach bhfuil d’athair agus do mháthair imithe an t-aicearra?’
‘Tá, a Athair, ach tá mise ag dul an bóthar ionas go mbí mé leis na gasúir eile.’
‘Gread leat, mar sin, nó béarfaidh na taibhsí ort.’ Leis sin lig an tAthair Rónán uaidh í.
‘Go dtuga Dia oíche mhaith dhuit, a Athair,’ ar sise. Níor chuimhnigh sí ar a caipín a bhaint di ach is amhlaidh a d’umhlaigh sí don sagart ar nós cailín! Má thug an sagart an méid sin faoi deara ní raibh am aige focal a rá, mar bhí sí imithe ar iompú do bhoise.
Bhí a dhá grua ar dearglasadh le náire agus í ag tabhairt aghaidhe ar an mbóthar. Bhí sí tar éis ceithre bréaga móra a dhéanamh leis an sagart! B’eagal léi gur peaca uafásach ar a hanam na bréaga sin. Bhí faitíos uirthi ag dul an bóthar uaigneach úd faoi dhorchadas na hoíche agus an t-ualach sin ar a croí.

13
Na Bóithre

Leathanach 13

Scéalta