Bhí an oíche an-dubh.
Bhí gealadh beag ar thaobh a láimhe deise. Lochán an Turlaigh Bhig a bhí ann.
D’éirigh éan éigin, crotach nó naoscach, de bhruach an locha ag ligean scread bhrónach as.
Baineadh geit as Nóra nuair a chuala sí glór an éin chomh tobann sin agus siabhrán a sciathán.
Lean uirthi agus a croí ag bualadh in aghaidh a huchta.
D’fhág sí an Turlach Beag ina diaidh agus thug aghaidh ar an mbóthar fada díreach a théas go crosbhóthar Chill Bhriocáin. Is ar éigean a d’aithin sí cuma na dtithe ar an ardán nuair a shroich sí an crosbhóthar. Bhí solas i dteach Pheadair Uí Neachtain, agus chuala sí glórtha ó thaobh Shnámh Bó. Lean uirthi ag tarraingt ar an Turlach. Nuair a shroich sí Cnocán na Móna tháinig gealach amach, agus chonaic sí uaithi mothar na gcnoc. Tháinig scamall mór trasna aghaidh na gealaí agus chonacthas di gur dhuibhe faoi dhó a bhí an oíche ansin. Ghabh imeagla í, óir chuimhnigh sí nach raibh Cnoc an Leachta i bhfad uaithi, agus go mbeadh an reilig ar thaobh a láimhe deise ansin. Is minic a chuala sí gur dhrocháit é sin i lár oíche. Ghéaraigh sí ar a himeacht; thosaigh sí ag rith. Chonacthas di go rabhthas ar a tóir; go raibh bean chosnochta ag satailt beagnach lena sála; go raibh fear caol dubh ag gluaiseacht lena taobh; go raibh páiste agus léine bhán air ag imeacht an bóthar roimpi. D’oscail sí a béal le scread a ligean aisti, ach ní tháinig aon ghlór uaithi.

14
Na Bóithre

Leathanach 14

Scéalta