Fuair mé teachtaireacht ó Éabha freisin. Bhí sí féin agus a muintir ar a slí go Páras sa charr leictreach. Tháinig siad ar long as Éirinn. D’fhan an long amuigh ar an bhfarraige nuair a stop an leictreachas ag obair sa Fhrainc.
Níl Éabha ná Sinéad cosúil le Zara. Níl Charlie cosúil le Zara. Tá mé ar mo chompord leo. Ní bhíonn siad ag iarraidh a bheith níos fearr ná mé. Bíonn spraoi agus gáire againn le chéile. Ní bheidh mé buartha faoi Zara as seo amach. Nó tá súil agam nach mbeidh.
Roinnfidh mé pictiúir sa ghrúpa i gceann tamaill. Déarfaidh mé gur turas iontach é seo.

'Long as Éirinn go dtí an Bhreatain Bheag, traein go Londain, Eurostar faoin bhfarraige go Páras, bus ar maidin inniu. Eachtraí móra suimiúla againn!'

50