Bhí mé ar laethanta saoire ach bhí mo chloigeann lán de cheisteanna. ‘An bhfuil an fuinneamh núicléach glan nó salach?’ a d’fhiafraigh mé.
‘Réasúnta glan,’ a d’fhreagair Charlie. ‘Níos fearr don aeráid ná gual nó ola.’
‘Ach tá sé go dona ar chúiseanna eile,’ arsa Mam. ‘Bíonn nimh an-chontúirteach fágtha nuair a dhéantar an leictreachas. Ní féidir linn an nimh sin a chur i riocht ceart sábháilte fós. Rud eile, cosnaíonn sé na billiúin euró stáisiún núicléach a thógáil. Tá an ghaoth agus an ghrian i bhfad níos fearr. Agus táimid ag foghlaim conas an leictreachas a ghineann siad a stóráil, rud atá riachtanach.’
Tháinig fear an óstáin chun na plátaí a bhailiú ón mbord. Dúirt Mam leis go rabhamar an-bhuíoch de. Bhíomar fíorshásta go raibh leaba againn don oíche. Bhí an bus go Páras ag teacht go luath agus sceitimíní orainn faoin turas.
Rinne Mam meangadh mór liom féin agus le Charlie nuair a d’fhágamar slán ag fear an óstáin. ‘Geallaim daoibh nach mbeimid ag caint faoi fhadhbanna móra an domhain ar feadh na laethanta saoire,’ ar sí, ‘ná faoi na nósanna nua is gá dúinn a fhoghlaim. Tá an lá go hálainn agus táimid ar ár laethanta saoire!’
‘Ceart go leor,’ arsa Charlie. Chaoch sé a shúil linn. ‘Geallaimse gur fíricí spraíúla a inseoidh mé daoibh as seo amach!
D’fhéach mise ó dhuine go duine. Bhí deartháir nua agam agus cara nua ag mo mháthair. Bhí rudaí móra ag tarlú i mo shaol agus ní raibh siad go léir deacair ná aisteach.
Thóg mé amach mo ghuthán agus chonaic mé scéal nua ó Zara. Bhí sí ar saoire in Arizona sna Stáit Aontaithe. Roinn sí pictiúr di féin i seomra dorcha agus gúna éadrom bán uirthi. Aimsir uafásach te. Táimid lag leis an teas. Ba bhreá liom a bheith in Alaska.
Scéal difriúil a bhí ag Sinéad. 'Am iontach agam sa choláiste samhraidh. Is breá liom an Ghaeltacht. Grian nó báisteach, bímid gnóthach!'

