An Satharn dár gcionn chuaigh Antaine chun faoistine agus d'inis a pheaca don sagart. Is é an breithiúnas aithrí a chuir an sagart air teach na bábóige a sciúradh uair sa tseachtain d'Eibhlín nó go mbeadh Eibhlín láidir a dóthain chun a sciúrtha í féin. Bhí Eibhlín láidir a dóthain chuige faoi cheann míosa. Bhí sí ar scoil arís faoi cheann míosa eile.
Ní raibh aon tráthnóna Sathairn as sin amach nach gcloisfí bualadh beag éadrom ar dhoras an mháistir. Ar dhul amach don mháistreás bhíodh Antaine ina sheasamh ag an doras.
'Seo bronntanas beag do Neans,' a deireadh sé, ag síneadh chuici leathdhosaen ubh lachan nó lán cráige fraochán nó ar a laghad lán glaice de dhuileasc, agus ansin scuabadh leis gan am a thabhairt don mháistreás focal a rá.

14
An Gadaí

Leathanach 14

Scéalta