Bhí fuarallas léi.
Bhí a cosa ag lúbadh fúithi.
Is beag nár thit sí ina cnap ar an mbóthar. Bhí sí ag Cnoc an Leachta faoin am sin.
Chonacthas di go raibh Cill Eoin lán de thaibhsí.
Chuimhnigh sí ar an bhfocal a dúirt an sagart: ‘Fainic an mbéarfadh na taibhsí ort.’
Bhíothas chuici!
Chuala sí, dar léi, plub plab cos nochta ar an mbóthar.
Thiontaigh sí ar thaobh a láimhe clé agus chaith léim thar claí.
Is beag nach ndeachaigh sí á bá i dtonn ar bogadh a bhí idir í féin agus an choill i ngan fhios di.
Chas sí a cos ag iarraidh í féin a shábháil, agus tar éis tamaill an-fhada samhlaíodh di gur líonadh an áit de chineál leathsholais, solas a bhí idir solas gréine agus solas gealaí. Chonaic sí go han-soiléir bunanna na gcrann agus iad dorcha in aghaidh spéire buí-uaine. Ní fhaca sí spéir ar an dath sin riamh roimhe, agus b’álainn léi í. Chuala sí an choiscéim, agus thuig sí go raibh duine éigin ag teacht chuici aníos ón loch. Bhí a fhios aici ar mhodh éigin go raibh míorúilt ábhalmhór ar tí a taispeána di agus go raibh páis uafásach éigin le fulaingt ansin ag Duine éigin. Níorbh fhada di ag fanacht go bhfaca sí mac óg ag triall go tuirseach trí aimhréidh na coille. Bhí a cheann cromtha aige agus cuma mórbhróin air.
D’aithin Nóra é. Ba é Mac Mhuire a bhí ann agus bhí a fhios ag Nóra go raibh sé ag triall ina aonar chun a pháise.
Leathanach 15