Chaith an mac é féin ar a ghlúine agus ghabh ag guí.
Ní chuala Nóra aon fhocal uaidh, ach thuig sí ina croí cad a bhí sé a rá.
Bhí sé á iarraidh ar a Athair Síoraí duine a chur chuige a sheasfadh lena thaobh i láthair a namhad
agus a d’iompródh leath a ualaigh.
Ba mhian le Nóra éirí agus dul chuige, ach níor fhéad sí corraí as an áit ina raibh sí.
Chuala sí gleo, agus líonadh an áit de lucht airm. Chonaic sí aghaidheanna dorcha diabhlaí agus lí lann agus arm faobhair. Rugadh go naimhdeach ar an mac mánla agus sracadh a chuid éadaigh de agus gabhadh de sciúirsí ann go raibh a cholainn ina cosair cró agus ina bithghoin ó mhala go bonn troighe. Cuireadh coróin spíonta ar a mhullach modhúil ansin agus leagadh croch ar a ghuaillí agus d’imigh roimhe go troighmhall truánta bealach brónach a thurais chun Calvaire. Bhris an slabhra a bhí ag ceangal teanga agus ball Nóra go dtí sin agus scread sí os ard.
‘Lig dom dul leat, a Íosa, agus an chroch a iompar dhuit!’ ar sise. Mhothaigh sí lámh ar a gualainn. D’fhéach sí suas. Chonaic sí éadan a hathar.
‘Céard atá ar mo chailín beag, nó tuige ar imigh sí uainn?’ arsa guth a hathar.

17
Na Bóithre

Leathanach 17

Scéalta