Thóg sé ina bhaclainn í agus thug abhaile í.
Luigh sí ar a leaba go ceann míosa ina dhiaidh sin.
Bhí sí as a meabhair leath an ama sin, agus shíl sí ar uaire go raibh sí ag siúl na mbóithre ina cadhan aonraic agus ag iarraidh eolas an bhealaigh ar dhaoine, agus shíl sí ar uaire eile go raibh sí ina luí faoin gcrann istigh in Eiliúrach agus go raibh sí ag féachaint arís ar pháis an mhic mhánla agus í ag iarraidh teacht do chúnamh air ach gan é ar a cumas.
D’imigh na mearbhaill sin as a haigne i ndiaidh a chéile agus thuig sí sa deireadh go raibh sí sa bhaile arís. Agus nuair a d’aithin sí éadan a máthar, líonadh a croí de shólás, agus d’iarr sí uirthi an naíonán a chur isteach sa leaba chuici, agus nuair a cuireadh isteach sa leaba é, phóg sí go dil é.
‘A Mhaimín’, ar sise, ‘shíl mé nach bhfeicfinn tusa ná m’athair ná Cuimín ná an páiste arís go brách. An raibh sibh anseo ar feadh na haimsire?’
‘Bhí, a uain ghil,’ a deir a máthair.
‘Fanfaidh mé san áit a bhfuil sibhse,’ ar sise. ‘A Mhaimín chroí, bhí na bóithre an-dorcha… Agus ní bhuailfidh mé go deo arís thú,’ ar sise leis an leanbh agus í ag tabhairt póigín eile dó.
Chuir an leanbh a lámh timpeall a muineáil agus rinne sí lúb di féin ar an leaba ar a lánsástacht.

18
Na Bóithre

Leathanach 18

Scéalta