Bhí Sean-Mhaitias ina shuí le hais a dhorais.
An té a ghabhfadh an bóthar, shílfeadh sé gur dealbh chloiche nó mharmair a bhí ann
- sin nó duine marbh - mar ní chreidfeadh sé go bhféadfadh fear beo fanacht chomh ciúin, chomh socair sin. Bhí a cheann cromtha aige agus cluas air ag éisteacht.
Is iomaí sin fuaim cheolmhar a bhí le cloisteáil, an té a mbeadh aird aige orthu.
Chuala Sean-Mhaitias olagón na dtonn ar na carraigeacha agus monabhar an tsruthláin ag sileadh leis an gclochar. Chuala sé scréach na coirre éisc ón duirling, agus géimneach na mbó ón mbuaile, agus gealgháire na bpáistí ón bhfaiche. Ach ní le ceachtar acu seo a bhí sé ag éisteacht chomh haireach sin - cé go mba bhinn leis iad go léir - ach le glór glé glinn chlog an Aifrinn a bhí ag teacht chuige le gaoth i gciúnadas na maidine.
Bhí na daoine ar fad bailithe leo chuig an Aifreann. Chonaic Sean-Mhaitias ag gabháil thairis iad, ina nduine is ina nduine nó ina miondreamanna. Bhí na gearrbhodaigh ag rith is ag léimneach.
Bhí na cailíní ag sioscadh cainte go meidhreach. Bhí na mná ag comhrá os íseal. Bhí na fir ina dtost. Mar sin a shuíodh Sean-Mhaitias ar a chathaoir ag breathnú orthu nó go dtéidís as amharc. Thriall siad thairis an mhaidin áirithe seo mar ba ghnách.
D'fhan an seanfhear ag féachaint orthu go dtí go raibh críoch leis an ngleo is leis an bhfothram, go dtí gur ghlan an plód deireanach barr ardán na cille, go dtí nach raibh le feiceáil ach bóthar fada díreach ag síneadh amach is é bán, go dtí nach raibh fágtha
ar an mbaile ach corrsheanduine ina leaba, na páistí ag cleasaíocht ar an bhfaiche, agus é féin ina shuí le hais a dhorais.