Ní théadh Sean-Mhaitias chuig teach an phobail.
Níor éist sé 'an tAifreann binn' le tuilleadh is trí scór bliain.
Bhí sé ina ógánach luath láidir an uair dheireanach a choisric sé é féin i láthair an phobail,
agus anois bhí sé ina sheanfhear críon caite, a chuid gruaige liathbhán, roic ina éadan,
a shlinneáin cromtha. Níor fheac sé a ghlúin i bhfianaise Dé ar feadh na dtrí scór bliain sin; níor chuir sé paidir chun a Chruthaitheora; níor ghabh sé buíochas lena Shlánaitheoir. Fear ann féin ab ea Sean-Mhaitias. Ní raibh a fhios ag aon duine go cén fáth nach dtéadh sé arAifreann. Dúirt daoine nár chreid sé go raibh aon Dia ann. Dúirt daoine eile go ndearna sé peaca uafásach éigin i dtús a shaoil, agus nuair nach dtabharfadh an sagart aspalóid dó ar faoistin, gur tháinig cuthach feirge air agus gur mhionnaigh sé nach dtaobhódh sé sagart ná séipéal lena bheo arís. Dúirt daoine eile - ach ní deirtí é seo ach i gcogar cois tine nuair a bhíodh na seandaoine ag seanchas leo féin tar éis dul a chodladh do na páistí - dúradar seo gur dhíol sé a anam le Fear Mór áirithe a casadh dó uair ar mhullach Chnoc an Daimh agus nach ligfeadh an té seo dó an tAifreann a chleachtadh. Níl a fhios agam an fíor bréag na scéalta seo, ach tá a fhios agam nár facthas Sean-Mhaitias ag Aifreann Dé le cuimhne cinn an duine ba shine ar an mbaile. Dúirt Cuimín Ó Nia, seanfhear a fuair bás cúpla bliain roimhe seo in aois a dheich mbliana is ceithre scór, go bhfaca sé féin ann é nuair a bhí sé ina stócach.
Leathanach 2