‘Bean i nDúiche Sheoighe a d’fhan ina suí Oíche Nollag leis an Maighdean a fheiceáil a chuala an ceol uaithi den chéad uair agus a mhúin don tír é. Is minic a chuala mé iomrá fúithi nuair a bhí mé i mo ghearrchaile. Máire na Maighdine a thugtaí uirthi. Deirtear gur minic a chonaic sí an Mhaighdean ghlórmhar. Cailleadh i dTeach na mBocht in Uachtar Ard í cúpla bliain sular pósadh mise. Beannacht Dé le hanamacha na marbh.’
‘Áiméan, a Thiarna,’ a deir na mná eile. Ach níor labhair Máire. Bhí sí agus a dhá súil mhóra ghlasa ag dul, mar a déarfá, trí éadan Shean-Úna, agus í ag insint an scéil. Labhair sí tar éis tamaill.
‘An bhfuil tú cinnte, a Úna, go dtagann an Mhaighdean agus a Leanbh isteach sna tithe Oíche Nollag?’ ar sise.
‘Chomh cinnte is atá mé beo.’
‘An bhfaca tusa riamh í?’
‘Ní fhacas, a mhainín. Ach an Oíche Nollag tar éis ar pósadh mé, d’fhan mé i mo shuí le í a fheiceáil, dá ngeallfaí dhom é. Thit néal codlata orm. Dhúisigh torann eicínt mé agus ar oscailt mo shúl dom b’fhacthas dom go bhfaca mé mar a bheadh bean óg agus naíonán ina hucht ag gluaiseacht amach an doras.’
Níor labhair aon duine ar feadh i bhfad. Níor cluineadh sa teach ach dordán na dtuirní agus pléascadh na tine agus ceiliúr na gcriogar.
D’éirigh Máire.
‘Beidh mé ag giorrú an bhóthair,’ ar sise. ‘Go dtuga Dia oíche mhaith dhaoibh, a mhná.’
‘Go luathaí Dia leat, a Mháire,’ d’fhreagradarsan le chéile.
Thug sí an doras amach uirthi féin.
Leathanach 6