Ná síltear go mba dhrochdhuine Sean-Mhaitias.
Bhí sé ina fhear chomh macánta, chomh simplí, chomh nádúrtha is a chasfaí ort i do shiúl lae.
Níor cluineadh as a bhéal riamh ach an dea-fhocal. Ní raibh dúil aige in ól ná i gcomhluadar,
in ór ná i maoin. Bhí sé bocht, ach is minic a roinneadh sé le daoine ba bhoichte ná é.
Bhí trua aige don easlán. Bhí trócaire aige don truán. Bhí modh agus meas ag fir eile air. Bhí gean ag na mná, ag na páistí, agus ag na hainmhithe dó; agus bhí gean aigesean dóibhsean agus do gach ní atá grámhar croíghlan.
B'fhearr le Sean-Mhaitias comhrá ban ná comhrá fear. Ach b'fhearr leis comhrá malrach is girseach ná comhrá fear ná ban. Deireadh sé gur tuisceanaí na mná ná na fir agus gur tuisceanaí na páistí ná ceachtar acu. Is i bhfochair an dreama óig a chaitheadh sé an chuid is mó dá aimsir dhíomhaoineach. Shuíodh sé leo i gcúinne tí ag insint scéalta dóibh nó ag baint scéalta astu. B'iontach iad a chuid scéalta. Bhí Eachtra an Ghearráin Ghlais ar dheiseacht an domhain aige. Ba é an t-aon seanduine ar an mbaile é a raibh scéal Phréachán na gCearc is an Dreoilín i gceart aige. Nach é a chuireadh scanradh ar na páistí is é ag aithris ar 'fú fá féasóg' Fathaigh an Dá Cheann, is nach é a bhaineadh na gáirí astu ag cur síos ar imeachtaí an phíobaire i gCaisleán an tSeilmide! Agus na hamhráin a bhí aige!
B'fhéidir leis leanbh breoite a mhealladh chun suain lena:

'Seoithín seó, is codail, a pheata,
Tá an slua sí amuigh ag siúl an ghleanna!'

nó thiocfadh leis líon tí de pháistí a chur i dtrithí gáire lena:

'Haidh didil dum, an cat is a mháthair,
A d'imigh go Gaillimh ag marcaíocht ar bhardal!'

Agus nach aige a bhí na seanranna greannmhara; agus na cruacheisteanna deacra; agus na tomhaiseanna breátha! Maidir le cluichí, cá raibh an té, fear, bean, nó páiste, a d'fhéadfadh 'Lúrabóg, Lárabóg' nó 'An Bhuíon Bhalbh' a choinneáil ar siúl leis?

4
Íosagáin

Leathanach 4

Scéalta