San uair bhreá is ar thaobh an chnoic nó ag siúl na bportach a d'fheicfeá Sean-Mhaitias is a chomrádaithe beaga, é ag míniú slí bheatha na seangán is na míol críonna dóibh, nó ag ríomh scéalta i dtaobh na gráinneoige is an iora rua. Tamall eile dóibh ag bádóireacht, maide rámha ag an seanfhear, ceann eile ag buachaillín beag éigin, agus b'fhéidir gearrchaile ag stiúradh. Is minic a chluineadh na daoine a bhíodh ag obair in aice na trá gártha áthais na bpáistí ag teacht chucu ó bhéal an chuain, nó b'fhéidir glór Shean-Mhaitiais is é ag gabháil fhoinn:
'Óró! mo churaichín Ó!
Is óró! mo bháidín!'
nó rud éigin mar é.
Thagadh faitíos ar chuid de na máithreacha scaití agus deiridís le chéile nár cheart dóibh ligean dá gclann an oiread sin aimsire a chaitheamh i bhfochair Shean-Mhaitiais - 'fear nach dtaithíonn ord ná Aifreann.'
Uair amháin nocht bean acu na smaointe seo don Athair Seán. Is éard a dúirt an sagart:
'Ná bac leis na páistí bochta,' ar seisean. 'Ní fhéadfaidís a bheith i gcomhluadar ní b'fhearr.'
'Ach deirtear liom nach gcreideann sé i nDia, a Athair.'
'Is iomaí naomh sna Flaithis inniu nár chreid i nDia tráth dá shaol. Agus cogar mé seo.
Mura bhfuil grá ag Sean-Mhaitias do Dhia - rud nach feasach duitse ná domsa - is iontach an grá atá aige don ní is áille is is glaine dár chruthaigh Dia - anam gléigeal an pháiste. Bhí an grá céanna ag ár Slánaitheoir féin agus ag na naoimh is glórmhaire ar neamh dóibh. Cá bhfios dúinn nach iad na páistí a tharraing eodh Sean-Mhaitias go glúin ár Slánaitheora fós?'
Agus fágadh anscéal mar sin.