'Ní fhaca mise riamh thú go dtí le gairid.'
'Bíonn na daoine fásta dall.'
'Agus ina dhiaidh sin gealladh dhom thú a fheiceáil, a Íosagáin?'
'Thug m'Athair cead dom mé féin a fhoilsiú duit de bhrí gur thug tú grá dá pháistí beaga.' Cluineadh glórtha na ndaoine ag filleadh ón Aifreann.
'Caithfidh mé imeacht anois uait.'
'Lig dom imeall do chóta a phógadh, a Íosagáin.'
'Déan.'
'An bhfeicfidh mé arís thú?'
'Feicfir.'
'Cén uair?'
'Anocht.' Leis an bhfocal sin bhí sé imithe.
'Feicfidh mé anocht é!' arsa Sean-Mhaitias agus é ag dul isteach sa teach.

13
Íosagáin

Leathanach 13

Scéalta