Níor theastaigh an dara focal ón sagart.
'Suigh anseo go mbí mé réidh,' ar seisean. Ach nuair a tháinig sé ar ais, bhí an teachtaire beag imithe.
Bhuail an tAthair Seán bóthar, agus níorbh fhada a bhain sé as, cé go raibh an ghaoth ina aghaidh,
agus é ag báisteach go trom.
Bhí solas i dteach Shean-Mhaitiais roimhe.
Bhain sé an laiste den doras is chuaigh isteach.
'Ce hé seo chugam?' arsa an guth ó leaba an tseanfhir.
'An sagart.'
'Ba mhaith liom labhairt leat, a Athair. Suigh anseo le m'ais.'
Bhí an guth fann agus tháinig na focail go mall uaidh.
Shuigh an sagart agus chuala scéal Shean-Mhaitiais ó thús deireadh. Cibé ar bith rún a bhí i gcroí an tseanduine, nochtadh do sheirbhíseach Dé ansin i lár na hoíche é. Nuair a bhí an fhaoistin thart ghlac Sean-Mhaitias Corp Chríost agus cuireadh an Ola Dheireanach air.

15
Íosagáin

Leathanach 15

Scéalta