Ach i dtaobh an scéil. Tuairim is bliain roimhe seo is ea a thit sé amach. Bhí Nóra (an mháthair) ag obair ar fud an tí. Bhí Máirín is Taimín ag súgradh dóibh féin ar an urlár. ‘Fromsó Framsó’ a bhí ar siúl acu. Bhí Máirín a d’iarraidh na focail a mhúineadh do Thaimín rud a bhí ag cliseadh uirthi, arae ní raibh aon chaint ag Taimín go fóill. Tá a fhios agat na focail, is dóigh? – is fiú iad a fhoghlaim mar tá fíorfhilíocht iontu:

Fromsó Framsó
Bean a dhamhsódh,
A dhéanfadh greann,
A d’ólfadh leann,
A bheadh in am
Anseo ar maidin!

Theastaigh canna uisce ó Nóra le haghaidh tae a dhéanamh. Bhí sé in am suipéir.
‘Cá bhfuil Páraic, a Mháirín?’ ar sise. ‘Tá sé ar iarraidh le leathuair.’
‘Chuaigh sé siar sa seomra, a Mhaimín.’
‘A Pháraic!’ a deir an mháthair ag glaoch go hard.
Níor labhraíodh istigh.
‘An gcluin tú, a Pháraic!’
Níor labhraíodh.
‘Céard atá ar an ngasúr? A Pháraic, adeirim!’ ar sise chomh hard is a bhí ina ceann.
‘Beidh mé soir ar ball, a Mhama,’ arsa an guth ón seomra.
‘Corraigh leat, a mhaicín. Tá sé in am tae, agus dheamhan deoir uisce sa teach agam.’

3
An Sagart

Leathanach 3

Scéalta