Tháinig Páraic aniar as an seomra.
‘Tá tú ar fáil sa deireadh. Gread leat síos… ach céard é seo? Cé bhfuair tú an léine sin, nó tuige a bhfuil sí ort? Céard a bhí tú a dhéanamh?’
Bhí Páraic ina sheasamh sa doras ina staic. Bhí léine feistithe air os cionn a chóitín bhig amuigh. Bhreathnaigh sé síos air féin. Bhí a aghaidh ar dearglasadh go cluasa.
‘Rinne mé dearmad í a bhaint díom, a Mhama,’ ar seisean.
‘Tuige a bhfuil sí ort ar chor ar bith?’
‘Spraoi a bhí ar bun agam.’
‘Bain díot ar an bpointe í! An tslat atá uait, tú féin agus do spraoi!’
Bhain Páraic an léine de gan focal, agus d’fhág siar sa seomra í.
‘Scuab leat síos go dtí an tobar anois agus faigh canna uisce dhom, mar a dhéanfadh peata.’
Bhí aiféala ar Nóra cheana féin gur labhair sí chomh garbh sin leis. Is bean í nach buan a cuid feirge. Rug Páraic ar an gcanna agus lasc leis. Tháinig Micilín Éanna, buachaill comharsan, isteach, a fhad is a bhí sé amuigh.

4
An Sagart

Leathanach 4

Scéalta