‘Tá sé ag cinnt ormsa, a Mhicilín,’ arsa Nóra tar éis scaithimh, ‘a dhéanamh amach céard a bhíos Páraic a dhéanamh sa seomra sin ar feadh an tráthnóna. Ní túisce a dhinnéar caite aige gach lá ná a ghlanas sé leis isteach ansin agus bíonn sé ar iarraidh go ham
suipéir.’
‘Spraoi eicínt a bhíos ar bun aige,’ arsa Micilín.
‘Sin é a deir sé féin. Ach ní sa teach ba cheart do mhalrach mar é a bheith sáite tráthnóna breá, ach amuigh faoin aer, ag ropadh leis.’
‘ “Aoibhneas duine a thoil,’’ ’ arsa Micilín, ag deargadh a phíopa.
‘Duine ann féin ’sea Páraic, ar chuma ar bith,’ a deir Nóra. ‘’Sé an mac is contráilte a chonaic tú riamh é. Amanta ní thabharfadh triúr aire dhó, agus amanta eile ní aireofá sa teach é.’
Tháinig Páraic isteach faoi seo, agus níor caintíodh a thuilleadh ar an gceist. Níor éalaigh sé siar an turas seo, ach ina leaba sin shuigh sé faoi ar an urlár ag imirt ‘Fromsó Framsó’ le Máirín is le Taimín.
Bhí an dinnéar ar an mbord nuair a tháinig Páraic abhaile ón scoil tráthnóna lá arna mhárach. D’ith sé a chuid leite agus d’ól sé a naigín bainne go buíoch beannachtach. Chomh luath is a bhí ite agus ólta aige, chroch sé leis a mháilín leabhar, agus siar leis sa
seomra mar ba ghnách.
Leathanach 5