Maidin lá arna mhárach, chomh túisce is a bhí Páraic glanta leis chun scoile, chuir Nóra an glas ar an doras, d’fhág an dá pháiste óga faoi chúram mháthair Mhicilín, agus bhuail an bóthar go Ros na gCaorach. Níor bhain sí méar dá srón nó gur thug sí teach an tsagairt phobail di féin agus gur inis a scéala ó thús deireadh don Athair Rónán. Ní dhearna an sagart ach meangadh gáire, ach bhí Nóra leis nó gur bhain sí gealladh de go ngabhfadh sé an bothar amach chuici an tráthnóna sin. Lasc léi abhaile ansin go sásta. Níor chlis an sagart uirthi. Bhuail sé isteach chuici sa tráthnóna.
Tráthúil go leor, bhí Páraic sa seomra ag ‘léamh Aifrinn’.
‘Ar d’anam is ná labhair, a Athair!’ arsa Nóra. ‘Tá sé istigh.’
Théaltaigh an bheirt ar bharr a gcos anonn go dtí doras an tseomra. Dhearcadar isteach.
Bhí Páraic gléasta sa léine agus sa chóta go díreach mar a bhí an lá roimhe sin, agus é ag guí go deabhóideach. Sheas an sagart scaitheamh ag breathnú air.
Faoi dheireadh, thiontaigh mo dhuine thart, agus ag tabhairt aghaidhe ar an bpobal, mar dhea:
‘Orate, fratres,’ ar seisean amach os ard. Le linn é seo a rá, chonaic sé a mháthair agus an sagart sa doras. Dhearg sé agus sheas gan chorraí.
‘Gabh i leith anseo chugam,’ a deir an tAthair Rónán.
Tháinig Páraic anall go faiteach.
Leathanach 10