‘Céard é seo atá ar bun agat?’ arsa an sagart.
‘Bhí mé ag léamh Aifrinn, a Athair,’ arsa Páraic. Dúirt sé an méid seo go cúthail, ach ba léir nár cheap sé go raibh aon cheo as an mbealach déanta aige – agus ar ndóigh, ní mó a bhí.
Ach bhíóra bhocht ar croitheadh le faitíos.
‘Ná bí róchrua air, a Athair,’ ar sise; ‘níl sé ach óg.’
Leag an sagairt a lámh go héadrom ar cheann bán an stóicín,agus labhair sé go ciúin cneasta leis.
‘Tá tú ró-óg fós, a Pháraicín,’ a deir sé, ‘le bheith i do shagart, agus níl sé geallta d’éinne ach do shagart Dé an tAifreann a rá. Ach cogar i leith chugam.
Ar mhaith leat a bheith ag friotháil an Aifrinn Dé Domhnaigh?’
Las súile Pháraic agus dhearg a ghrua arís, ní le cúthaileacht an turas seo ach le barr ríméid.
‘Óra, ba mhaith, a Athair,’ ar seisean; ‘níl rud ar bith ab fhearr liom.’
‘Déanfaidh sin,’ arsa an sagart. ‘Feicim go bhfuil cuid de na paidreacha agat cheana.’
‘Ach, a Athair, a mhuirnín …,’ arsa Nóra agus stop mar sin go tobann.
‘Céard atá anois ort?’ a deir an sagart.
‘Bríste ná bróga níor chaith sé fós!’ ar sise. ‘Is luath liom bríste a chur air go…’
Scairt an sagart ag gáirí.
‘Níor chuala mé riamh,’ ar seisean, ‘go raibh call le bríste. Cuirfimid casóigín beag os cionn a chóta amuigh air, agus mise i mo bhannaí go rachaidh sé go deas dó. Maidir le bróga, tá péire againn a d’fhág Máirtín an Iascaire ina dhiaidh nuair a chuaigh sé go dtí an Clochán. Gléasfaimid i gceart thú, a Pháraic, níl baol,’ ar seisean. Agus mar sin a socraíodh é.
![](/assets/Home-68162fc7cdb903df61529e1dd4ccd844fb348a742d4411ac085180fdbde18665.png)
![](/assets/story_board-87d1d99377fd11c4571c92a8a28084cf3f04c193285599320ad22586cfbaad3c.jpg)
![](/assets/next-9a02a9009c41cbe1fa264064a28f40517e885bc8a63334c7a8971441323849fa.png)
![](/assets/prev-95273c208154e33601efad44d71020fddd8233811959c1ffb857b4da0e90333a.png)
Leathanach 11