‘Óra, nach deas í! Ara, a Mhama, a chroí, cé bhfuair tú í? Óra ó! Beidh páiste agam de mo chuid féin anois – páiste de mo chuid féinín féin! Beidh páiste ag Brídín!’
Rug sí ar an mbábóigín agus d’fháisc lena croí í. Phóg sí a plaitín beag maol is a dhá grua dhearga. Phóg sí a béilín is a sróinín geancach. Ansin chuimhnigh sí uirthi féin, chroch a ceann, agus ar sise lena máthair:
‘Póch!’ (mar sin a deireadh Brídín ‘póg’).
D’ísligh an mháthair nó gur phóg an cailín beag í. Ansin b’éigean di an bábóigín a phógadh. Tháinig an t-athair isteach ar an bpointe sin agus cuireadh faoi deara dósan an cleas céanna a dhéanamh. Ní raibh dada ag déanamh imní do Bhrídín ar feadh an tráthnóna sin ach cén t-ainm a bhaistfeadh sí ar an mbábóg. Mhol a máthair ‘Malaí’ di agus cheap a hathair go mba fheiliúnach an t-ainm ‘Peigí’. Ach ní raibh ceachtar acu seo sách galánta, dar le Brídín.
‘Tuige ar tugadh “Brídín” ormsa, a Dheaide?’ ar sise tar éis suipéir.
‘Dúirt na seanmhná gur chosúil le d’Uncail Pádraic thú, agus ó tharla nárbh fhéidir “Pádraic” a bhaisteadh ort, baisteadh “Bríd” ort mar b’fhacthas dúinn gurbh é an rud ba ghaire dhó é.’
‘Meas tú an cosúil í seo (an bhábóg) le m’Uncail Pádraic, a Dheaide?’
‘Ó, ní cosúil ar chor ar bith. Tá d’Uncail Pádraic bán – agus creidim go bhfuil féasóg anois air.’
‘Cé leis is cosúil í, deile?’
‘Muise, ba deacair a rá, a chailín ó! – ba deacair sin.
Leathanach 6