Rinne Brídín machnamh ar feadh tamaill. Bhí a hathair ag baint a cuid éadaigh di os comhair na tine ar feadh an ama seo, mar bhí sé in am aici a bheith ag dul a chodladh. Nuair a bhí bainte di, chuaigh sí ar a glúine, chuir a dhá láimhín le chéile, agus thosaigh uirthi mar seo:
‘A Íosa Críosta, go mbeannaí tú agus go sábhála tú sinn! A Íosa Críosta, go mbeannaí tú agus go sábhála tú sinn! A Íosa Críosta, go mbeannaí tú Dheaide agus Mama agus Brídín, agus go gcuire tú slán sábháilte ó thubaiste agus ó anachain na bliana sinn, más é toil mo Shlánaitheora é. A Dhia, go mbeannaí tú m’Uncail Pádraic, anois atá i Meiriceá, agus m’Aint Bairbre …’ Stad sí go tobann agus chuir gáir áthais aisti.
‘Tá sé agam! tá sé agam, a Dheaide!’ ar sise.
‘Céard atá agat, a ghrá? Fan go gcríochnaí tú do chuid paidreacha.’
‘M’Aint Bairbre! Is cosúil le m’Aint Bairbre í!’
‘Cé is cosúil le d’Aint Bairbre?’
‘An bábóigín! Sin é an t-ainm a thabharfas mé uirthi! Bairbre!’
Lig an t-athair a sheanscairt gháire sular chuimhnigh sé nach raibh na paidreacha críochnaithe. Ní dhearna Brídín gáire ar bith, ach lean uirthi mar seo:
‘Ó! a Dhia! go mbeannaí tú m’Uncail Pádraic, atá anois i Meiriceá, agus m’Aint Bairbre, agus’ (seo aguisín a chuir sí féin leis) ‘agus go mbeannaí tú mo Bhairbre bheag féin agus go gcoinní tú ó pheaca marfa í. Áiméan, a Thiarna!’
Leathanach 7