Scairt an t-athair ag gáirí arís. D’fhéach Brídín air agus ionadh uirthi.
‘Scuab leat siar anois agus isteach in do leaba leat go beo!’ ar seisean chomh luath is a d’fhéad sé labhairt le gáire. ‘Agus ná dean dearmad ar Bhairbre!’ ar seisean. ‘Is beag an baol!’
Siar léi sa seomra agus isteach sa leaba léi de léim. Bí cinnte nár dhearmad sí Bairbre. Ón oíche sin amach ní rachadh Brídín a chodladh ar ór ná ar airgead gan Bairbre a bheith sa leaba aici. Ní shuífeadh sí chun bia a chaitheamh gan Bairbre a bheith ina suí lena hais. Ní ghabhfadh sí amach ag déanamh grinn di féin gan Bairbre a bheith ina fochair.
Domhnach amháin a dtug a máthair léi chuig an Aifreann í, ní raibh Brídín sásta gan Bairbre a thabhairt ann freisin. Ní thagadh bean chomharsan isteach ag cuairtéireacht nach gcuirfí Bairbre in aithne di.
Lá dár bhuail an sagart isteach chucu d’iarr Brídín air a bheannacht a thabhairt do Bhairbre. Thug sé a bheannacht do Bhrídín féin. Shíl sise gur don bhábóg a thug sé í, agus bhí sí lánsásta.
Shocraigh Brídín parlús beag deas do Bhairbre ar bharr an drisiúir. Chuala sí go raibh parlús ag a hAint Bairbre (in Uachtar Ard a bhí sise ina cónaí) agus cheap sí nár mhór dá Bairbrese parlús a bheithaici chomh maith le duine.
Thit mo Bhairbre bhocht de bharr an drisiúir lá, mar a d’insíos cheana, agus briseadh leathchos léi. Is iomaí timpiste thairis sin a d’éirigh di. Lá eile rug an gadhar uirthi agus bhí á stróiceadh ó chéile go dtáinig máthair Bhrídín dochabhair uirthi. D’fhan an leathchos shlán ag an ngadhar.
Thit sí isteach san abhainn uair eile agus hóbair go mbáfaí í. Is é athair Bhrídín a tháinig do chúnamh uirthi an turasseo. Is beag nár bádh Brídín féin agus í a d’iarraidhí a tharrtháil ó phort na habhann.

8
Bairbre

Leathanach 8

Scéalta