‘Seo í Niamh Chinn Óir!’ arsa an cailín beag. ‘Taispeánfaidh mé do Stiofán í an chéad uair eile a thiocfas sé! Nach air a bhéas an t-áthas í a fheiceáil, a Mhama? Bhí fearg air an oíche faoi dheireadh nuair a dúirt mo Dheaide nach bhfuil sióga ar bith ann. Bhí a fhios agamsa nach raibh mo Dheaide ach ag magadh.’
Níor mhaith liom a rá gur sióg Niamh Chinn Óir, mar a shíl Brídín, ach is dóigh liom go raibh draíocht éigin ag baint léi; agus táim lánchinnte go raibh Brídín féin faoi dhraíocht ón nóiméad a dtáinig sí isteach sa teach. Mura mbeadh go raibh, ní fhágfadh sí Bairbre ina luí léi féin ar an urlár ar feadh an tráthnóna gan focal a rá léi ná fiú amháin cuimhniú uirthi go ham codlata; ná ní ghabhfadh sí a chodladh gan Bairbre a thabhairt isteach sa leaba léi
mar ba ghnách. Is ar éigean a chreidfeá é, ach is í an bhanríon óg a chodail i bhfochair Bhrídín an oíche sin in ionad an chompánaigh bhig dhílis a chodlaíodh ina fochair gach oíche le bliain.
D’fhan Bairbre ina luí ar an urlár go bhfuair máthair Bhrídín í, is gur thóg is gur chuir suas ar bharr an drisiúir í san áit a raibh a parlús beag féin. Chaith Bairbre an oíche sin ar bharr an drisiúir. Níor chualas gur airigh Brídín ná a máthair ná a hathair aon chaoineachán ón gcisteanach i lár na hoíche, agus leis an fhírinne a rá ní mheasaim gur shil Bairbre deoir. Ach is cinnte go raibh sí brónach go leor, ina luí in airde ansiúd léi féin, gan lámh a carad ina timpeall, gan teas colainne a carad á téamh, gan duine ná deoraí ina haice, gan fuaim ar bith a chloisteáil, ach amháin na fuaimeanna fanna fíoruaigneacha a bhíos le cloisteáil i dteach in am marfa na hoíche.
Leathanach 16