Is ina suí nó ina luí ar bharr an drisiúir a chaith Bairbre bunáite na ráithe dár gcionn. B’annamh a labhraíodh Brídín léi; agus nuair a labhraíodh, ní dheireadh sí ach, ‘Bí i do chailín maith, a Bhairbre.Feiceann tú go bhfuilim cruógach. Caithfidh mé aire a thabhairt do Niamh Chinn Óir. Banríon í sin, tá a fhios agat, agus caithfear aire mhaith a thabhairt di.’
Bhí Brídín ag dul in aois anois (creidim go raibh sí cúig bliana caite nó b’fhéidir cúig bliana go leith), agus bhí sí ag éirí as cuid de na nósanna a chleachtaíodh sí i dtús a hóige. Ní ‘Brídín’ a thugadh sí uirthi féin anois, mar bhí a fhios aici an bhrí atá leis an bhfocailín ‘mé’, agus leis an eireabaillín sin ‘-im’ nuair a chuirtear i ndiaidh ‘tá’ agus ‘níl’ é. Bhí a fhios aici freisin gur mór an meas agus an onóir atá ag dul do bhanríon thar mar atá ag dul do
chréatúirín beag bocht mar Bhairbre.Is baolach liom nár thuig Bairbre an scéal seo ar chor ar bith. Ní raibh inti ach bábóigín maide, agus, ar ndóigh, ba dheacair dá leithéid croí cailín a thuiscint. Ba léir di go raibh sí caite do leataobh. Is í Niamh Chinn Óir a chodlaíodh i bhfochair Bhrídín anois; is í Niamh Chinn Óir a shuíodh lena hais am béile; is í Niamh Chinn Óir a ghabhadh amach ar an gcnoc lena cois, a luíodh léi i measc na raithní, is a théadh léi ag bailiú nóiníní is méiríní. Is í Niamh Chinn Óir a theannadh sí lena hucht. Is í Niamh Chinn Óir a phógadh sí. Duine eile a bheith san áit ba ghnách leatsa a bheith, duine eile a bheith ag siúl le cois an té ar ghnách leatsa siúl lena chois, duine eile a bheith ag pógadh an bhéil ba dhual duitse a phógadh – sin í an phian is mó dá bhfulaingítear ar an saol seo; agus sin í an phian a bhí i lár Bhairbre anois, á céasadh ó mhaidin go hoíche is á crá ó oíche go maidin.
Leathanach 17