‘Céard a d’éirigh dhom, a Mhama? Bhí mé ag brionglóidigh. Mhothaigh mé teas agus cheap mé go raibh mé ag dul suas, suas sa spéir, agus go raibh an ghrian do mo dhó. Céard a d’éirigh dhom?’
‘’Sé toil Dé é nár loisceadh mo stóirín – ní leis an ngrian, ach leis an tine. Ó, a Bhrídín, a pheata bhig do mháthar, céard a dhéanfainn dá marófaí orm thú? Céard a dhéanfadh d’athair? ’Sé Dia a dúirt liom a theacht isteach ar an nóiméad sin! – Ní mé céardós torann a chuala mé? Mura mbeadh sin ní thiocfainn isteach ar chor ar bith.’
Bhreathnaigh sí thairsti. Bhí gach rud ina áit féin ar an mbord, agus ar na ballaí, agus ar an drisiúr – ach fan! os comhair an drisiúir thug sí faoi deara an rud ar an urlár. Céard a bhí ann? Colainn bheag gan cheann – colainn bábóige.
‘Bairbre a thit den drisiúr arís,’ arsa an mháthair. ‘Mo choinsias,’sí a shábháil d’anam dhuit, a Bhrídín.’
‘Ní titim a rinne sí ar chor ar bith!’ arsa an cailín beag, ‘ach is amhlaidh a chonaic sí go raibh mé i gcontúirt agus a chaith sí léim ó bharr an drisiúir le mé a shábháil.
A Bhairbre bhocht, thug tú d’anam ar mo shon!’

21
Bairbre

Leathanach 21

Scéalta