Chuaigh sí ar a glúine, thóg corpán beag na bábóige, agus phóg
go ceansa ceanúil é.
‘A Mhama,’ ar sise go brónach, ‘ó tháinig Niamh Chinn Óir, tá faitíos orm go ndearna mé dearmad ar Bhairbre bhocht, agus gur mó an spéis a chuir mé i Niamh Chinn Óir ná intise; agus féach gurb í ba dhílse dhom ina dhiaidh sin! Agus tá sí marbh anois orm, agus ní
bheidh mé in ann labhairt léi arís go brách, ná a rá léi gur fearr liom míle uair – ’sea, céad míle uair – í ná Niamh.’
‘Ní marbh atá sí ar chor ar bith,’ a deir an mháthair, ‘ach gortaithe. Cuirfidh d’athair an ceann uirthi arís nuair a thiocfas sé isteach.’
‘Dá dtitfinnse de bharr an drisiúir, a Mhama, is go gcaillfinn mo cheann, arbh fhéidir é a chur orm arís?’
‘Níorbh fhéidir. Ach ní hionann tusa is Bairbre.’
‘Is ionann. Tá sí marbh. Nach bhfeiceann tú nach bhfuil sí ag corraí ná ag labhairt?’
B’éigean don mháthair an méid seo a admháil.
Ní chuirfeadh aon ní ina luí ar Bhrídín nach raibh Bairbre básaithe agus nach le ise a shábháil a thug sí a hanam. Ní abróinn féin go raibh an ceart aici, ach ní abróinn nach raibh. Níl le rá agam ach an méid a dúras cheana: Cá bhfios domsa é? Cá bhfios duitse é?

22
Bairbre

Leathanach 22

Scéalta