Bheannaigh an sagart isteach tráthnóna.
'Cén chaoi a bhfuil Eoghainín na nÉan an aimsir seo, a Eibhlín?' ar seisean.
('Eoghainín na nÉan' a bhí mar ainm ag na malraigh eile air i ngeall ar an gcion a bhí aige don éanlaith.)
'Muise, a Athair, ní raibh sé chomh maith le fada an lá is atá sé ó tháinig an samhradh.
Tá luisne ina leiceann nach bhfaca mé ann riamh roimhe.'
Bhreathnaigh an sagart go géar uirthi.
Thug seisean an luisne sin faoi deara le tamall, ach má thug, níor mheall sí é.
Thug daoine eile faoi deara freisin í, agus, má thug, níor mheall sí iad.
Ach ba léir gur mheall sí an mháthair.
Bhí deora i súile an tsagairt, ach bhí Eibhlín ag fadú na tine is ní fhaca sí iad. Bhí tocht ina ghlór nuair a labhair sé arís, ach níor thug an mháthair faoi deara é.
'Cá bhfuil Eoghainín anois, a Eibhlín?'
'Tá sé ina shuí ar an aill amuigh “ag caint leis na fáinleoga”, mar a deireann sé féin. Is iontach an cion atá aige do na héiníní sin. An bhfuil a fhios agat, a Athair, céard a dúirt sé liom an lá cheana?'
'Níl a fhios, a Eibhlín.'
'Bhí sé á rá gur gearr anois go mbeidh na fáinleoga ag imeacht uainn arís, agus ar seisean liom go tobann: “Céard a dhéanfá, a mháithrín,” ar seisean, “dá n-éalóinnse uait leis na fáinleoga?” '
'Agus céard a dúirt tusa, a Eibhlín?'
'Dúirt mé leis scuabadh leis amach agus gan a bheith do mo bhodhrú. Ach táim ag cuimhniú riamh ó shin ar an rud a dúirt sé agus tá sé ag déanamh buartha dhom. Nárbh aisteach an smaoineamh dhó é, a Athair - é a imeacht leis na fáinleoga?'
'Is iomaí smaoineamh aisteach a thagas isteach i gcroí páiste,' arsa an sagart.
Agus thug sé an doras amach air féin gan focal eile a rá.
Leathanach 11