'Mínigh dhom céard a bhíos na fáinleoga a rá leat, a Eoghainín.'
'Is iomaí rud a bhíos siad a rá liom. Is iomaí scéal breá a insíos siad dom. An bhfaca tú an t-éinín sin a chuaigh thart anois díreach, a Athair?'
'Chonaiceas.'
'Sin í an scéalaí is cliste orthu ar fad. Tá a nead sin faoin eidheann atá ag fás os cionn fuinneoige mo sheomrasa. Agus tá nead eile aici sa Domhan Theas - aici féin is ag a céile.'
'An bhfuil, a Eoghainín?'
'Tá - nead bheag álainn eile na mílte is na mílte míle as seo. Nach aisteach an scéal é, a Athair? - a rá go bhfuil dhá theach ag an bhfáinleoigín agus gan againne ach aon teach amháin?'
'Is aisteach go deimhin. Agus cén sórt tír ina bhfuil an teach eile seo aici?'
'Nuair a dhúnaim mo shúile feicim tír uaigneach áibhéil. Feicim anois í, a Athair! Tír iontach uafar. Níl sliabh ná cnoc ná gleann inti, ach í ina machaire mór réidh gainmheach. Níl coill ná féar ná fás inti, ach an talamh chomh lom le croí do bhoise. Gaineamh ar fad. Gaineamh faoi do chosa. Gaineamh ar gach taobh dhíot. An ghrian ag spalpadh os do chionn. Gan néal ar bith le feiceáil sa spéir. É go han-te. Anseo is ansiúd tá ball beag féarach mar a bheadh oileáinín i lár farraige. Cúpla crann ard ag fás ar gach ball acu. Foscadh ó ghaoth agus ó ghrian acu. Feicim ar oileán de na hoileáin seo aill ard. Aill mhór mhillteach. Tá scoilteadh san aill, agus sa scoilteadh tá nead fáinleoigín. Sin í nead m'fháinleoigínse.'

14
Eoghainín na nÉan

Leathanach 14

Scéalta