'Cé a d'inis an méid seo dhuit, a Eoghainín?'
'An fháinleog. Caitheann sí leath a saoil sa tír sin, í féin is a céile.
Nach aoibhinn an saol atá acu ar an oileáinín uaigneach údan i lár na díthreibhe!
Ní bhíonn fuacht ná fliche ann, sioc ná sneachta, ach é ina shamhradh i gcónaí…
Agus ina dhiaidh sin, a Athair, ní dhéanann siad dearmad ar a nead bheag eile anseo in Éirinn, ná ar an gcoill, ná ar an sruthán, ná ar na fuinseoga, ná ormsa, ná ar mo mháthair. Gach bliain san earrach cloiseann siad mar a bheadh cogarnaíl ina gcluais á rá leo go bhfuil na coillte faoi dhuilliúr in Éirinn, is go bhfuil an ghrian ag dealramh ar na bánta, is go bhfuil na huain ag méiligh, is go bhfuilimse ag fanacht leosan. Agus fágann siad slán ag a n-áras sa tír choimhthíoch is imíonn siad rompu is ní dhéanann siad stad ná cónaí go bhfeiceann siad barr na bhfuinseog uathu agus go gcluineann siad glór na habhann is méileach na n-uan.'

15
Eoghainín na nÉan

Leathanach 15

Scéalta