D'imigh an Lúnasa agus an Meán Fómhair. Bhí an Deireadh Fómhair leathchaite.
De réir mar a bhí na laethanta ag dul i ngiorracht bhí Eoghainín ag éirí ní ba bhrónaí.
B'annamh a labhraíodh sé lena mháthair anois, ach gach oíche roimh dhul a chodladh dó phógadh sé go dil agus go díochrach í agus deireadh sé:
'Glaoigh orm go moch ar maidin, a mháithrín. Is beag an spas atá agam anois. Beidh siad ag imeacht gan mórán moille.'
Ghealaigh lá álainn i lár na míosa. Go luath ar maidin thug Eoghainín faoi deara go raibh na fáinleoga ag cruinniú le chéile ar bharr an tí. Níor chorraigh sé óna shuíochán ar feadh an lae sin. Ag teacht isteach dó tráthnóna, ar seisean lena mháthair:
'Beidh siad ag imeacht amárach.'
'Cá bhfios duit, a ghrá ghil?'
'Dúirt siad liom inniu é. … A mháithrín,' ar seisean arís, tar éis scaithimh dó ina thost.
'Céard é féin, a leanbhín?'
'Ní fhéadfaidh mé fanacht anseo nuair a bhéas siad imithe. Caithfidh mé imeacht in éindí leo… go dtí an tír ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí. Ní bheifeá uaigneach dá n-imeoinn?'
'Ó! a stór, a mhíle stór thú, ná labhair mar sin liom!' arsa an mháthair ag breith air agus á fháscadh lena croí. 'Níl tú le éaló uaim! Ar ndóigh, ní fhágfá do mháithrín agus imeacht i ndiaidh na bhfáinleog?'
Ní dúirt Eoghainín focal ach í a phógadh arís is arís.

20
Eoghainín na nÉan

Leathanach 20

Scéalta